Ach dúirt Abrám le rí Shodom: “Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún,
Apacailipsis (Taispeántadh) 10:6 - An Bíobla Naofa 1981 mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus mhionnaigh sé in ainm an té a mhaireas go saol na saol, a chruthaigh neamh agus a bhfuil inti, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti, nach mbeadh moill ann a thuilleadh, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do dhearbhuigh sé ar an té mhaireas go saoghal na saoghal, an té do chruthuigh neamh agus a bhfuil ann, agus an talamh agus a bhfuil ann, agus an fhairrge agus a bhfuil innti, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tug sé an tí mhaireas go sáoghal na sáoghal, noch do chrúthuigh neamh, agus na neithe atá ann, agus an talamh, agus na neithe atá ann, agus a nfairrge, agus na neithe atá innte, mar mhionnuibh, nach bíadh aimsir ann feasda: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta, |
Ach dúirt Abrám le rí Shodom: “Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún,
Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.
Agus seolfaidh mé sibh isteach sa tír a gheall mé a thabhairt d'Abrahám, agus d'Íosác agus do Iacób; tabharfaidh mé daoibh é mar shealús. Mise an Tiarna.’ ”
agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a thogh mé Iosrael, mhionnaigh mé do shliocht mhuintir Iacóib, do mo chur féin in aithne dóibh i dtír na hÉigipte. Mhionnaigh mé dóibh: Is mise an Tiarna bhur nDia.
mionnaim nach rachaidh duine isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn mar áitreabh daoibh,
ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.
Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.”
Dhoirt an seachtú haingeal a shoitheach ar an aer agus tháinig an guth tréan as an teampall ón ríchathaoir, á rá: “Tá sé curtha i gcrích!”
Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha.
Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá:
“A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”
“Is naofa, naofa, naofa, an Tiarna Dia Uilechumhachtach; an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.”
Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin.