Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Apacailipsis (Taispeántadh) 10:4 - An Bíobla Naofa 1981

Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis á rá: “Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus nuair a chuala mé na seacht dtoirneach, bhí mé ar tí scríobh, ach chuala mé glór ó neamh ag rá liom, “Cuir séala ar an méid a dúirt na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair do labhair na seacht dtóirneacha, do bhíos ar tí scríobhadh, agus do chualas an glór ó neamh adubhairt, Cuir séala ar na neithibh adubhairt na seacht dtóirneacha, agus ná scríobh iad.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tan do labhradar na seachd dtóirrnighe a ngothanna, do bhí mé air tí sgriobhadh: achd do chualuidh mé gúth ó neamh ag rádh riom, Cuir séula air na neithibh do labhradar na seachd dtóirrnighe, agus ná sgríobh íad.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis dá rá: “Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”

Féach an chaibidil



Apacailipsis (Taispeántadh) 10:4
13 Tagairtí Cros  

Tá fís agus fáistine mar bheadh na focail i leabhar séalaithe agaibh anois. Tabhair a leithéid sin de leabhar do dhuine a bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagraíonn sé: “Ní féidir liom, mar tá an leabhar faoi shéala.”


Dúirt an Tiarna liom: “Tóg séala mór agus scríobh air i ngnáthlitreacha: Machaer Seálál Hais Baz.


Tá an tiomna faoi chlúdach, an teagasc faoi shéala agam i gcroí mo dheisceabal.


“Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d'fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.


á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n‑eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”


Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo.


Ansin an guth a chuala ó na flaithis labhair sé liom arís, agus dúirt sé liom: “Ar aghaidh leat, tóg an scrolla atá ar oscailt i lámh an aingil atá ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh.”


Agus dúirt sé liom: “Ná cuir séala ar bhriathra fháistine an leabhair seo mar tá an uain in achomaireacht.