Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín.
Amos 9:3 - An Bíobla Naofa 1981 Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus dá mbeith go bhfoileochaidís íad féin a mullach Charmel, spíonfa misi agus do bhéara mé as sín íad; agus da mbeith go mbeidís a bhfolach óm radharc a níochtar na fairge, annsin áitheonuidh mé don naithir nimhe, agus beanfuidh sí greim asta: |
Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín.
Cailleann eachtrannaigh a misneach agus tagann siad amach as a ndaingin ar ballchrith.
Ach deir tú: “Cén t‑eolas atá ag Dia? Agus an féidir leis breith a thabhairt tríd an dorchadas?
Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad; tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara,
An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige.
“Seolfaidh mé anois mórán iascairí - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.
Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo.