Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéir Agus go sroichfeadh a cheann na néalta,
Amos 9:2 - An Bíobla Naofa 1981 Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Dá mbeith go ttocholaidís go hifrionn, do bhéara mo lámhsa as íad; dá mbeith go ndéandaois dreapaireacht súas go neamh, do bhéara mé liom as sín a núas íad: |
Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéir Agus go sroichfeadh a cheann na néalta,
Ach deir tú: “Cén t‑eolas atá ag Dia? Agus an féidir leis breith a thabhairt tríd an dorchadas?
Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.
Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe, nó dá neartódh sí a dúnfort buacach, ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóirí ar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.
ansin teilgfidh mé síos thú leis an dream a théann síos go Seól, mar a bhfuil muintir an tseansaoil, agus suífidh mé thú thíos in íochtar an domhain in uaigneas síoraí leis an dream a théann síos go Seól, ionas nach mbeidh áit agat choíche arís i dtír na mbeo.
As seo amach ná fásadh aon chrann in airde mhór le hais na n‑uiscí, ná baineadh barr aon chrainn na néalta amach, ná síneadh aon chrann dea-uiscithe a airde iomlán ina dtreo. Tá an bás i ndán dóibh uile, an réigiún in íochtar na talún mar a dtéann daoine i gcoitinne chomh maith leosan a théann síos go Seól.
Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.
Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.