Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
Amos 3:5 - An Bíobla Naofa 1981 An bpreabann an gaiste aníos ón talamh agus gan aon rud ceaptha aige? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An bhféadann éun tuitim a bpaintéar air an ttalamh, áit nach bí gaiste ar bioth air? an ttóigfe duine paintéar súas ón ttalamh, agus gan aóinní ar bioth do thógbháil ann? |
Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.
Agus faoi mar a bhí mé ag faire orthu uair amháin, a réabadh aníos agus a bhriseadh, a chaitheamh síos, a scrios agus a mhilleadh, is mar sin a bheidh mé anois, a thógáil agus a phlandú. An Tiarna a labhraíonn.”
An mbúireann an leon san fhoraois agus é gan seilg? An scairteann an coileán leoin óna phluais agus é gan chreach? An dtiteann éan isteach i ngaiste ar an talamh agus gan dada ann chun é a mhealladh?
An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis?