Thug mé teach do mháistir duit agus mná do mháistir i d'ucht duit; thug mé teaghlach Iosrael duit agus teaghlach Iúdá, agus dá mba nár leor sin, thabharfainn oiread eile duit.
2 Samúéil 7:19 - An Bíobla Naofa 1981 Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia). An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus fós ba beag so ad radharcsa, a THIGHEARNA Día; ach do labhair tú mar an gcéadna ar thigh do shearbhfhoghantuigh go cian daimsir. Agus a né so dligheadh an duine, a THIGHEARNA Día? |
Thug mé teach do mháistir duit agus mná do mháistir i d'ucht duit; thug mé teaghlach Iosrael duit agus teaghlach Iúdá, agus dá mba nár leor sin, thabharfainn oiread eile duit.
Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht.
Ach ní leor leat an fad seo, a Dhia, agus déanann tú do gheallúintí a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn. Taispeánann tú mar a bheadh líne shleachta agus is é an Tiarna, Dia, atá á gheallúint.
Ní leor libh innilt ar an bhféar méith ach satlaíonn sibh ar an gcuid eile le bhur gcrúba. Ní leor libh an t‑uisce glan a ól ach truaillíonn sibh an chuid eile le bhur gcrúba.
Nár leor sinn a thabhairt ó thír ina raibh bainne agus mil ina slaoda le bás a fháil san fhásach seo, agus gan a bheith ag iarraidh bheith i do thiarna orainn anois?
An beag libh é go ndearna Dia Iosrael sibh a dheighilt ó chomhthionól Iosrael do bhur mbreith ina chomharsanacht féin, le seirbhís a dhéanamh i dtaibearnacal an Tiarna, agus le seasamh os comhair an chomhthionóil seo ag comhlíonadh na ngnásanna ar a son?
d'fhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa.
D'fhreagair sé: “É seo eile,” ar sé, “is mé captaen arm an Tiarna. Táim ag teacht anois...” Thit Iósua ar a bhéal agus ar a fhiacla chun talún agus d'adhar é agus dúirt leis: “Cad iad orduithe mo Thiarna dá shearbhónta?”