Tar éis dóibh gabháil tríd an tír go léir d'fhilleadar ar Iarúsailéim faoi cheann naoi mí agus fiche lá.
2 Samúéil 24:9 - An Bíobla Naofa 1981 Thug Ióáb figiúir an daonáirimh don rí: ocht gcéad míle fear troda, lucht claíomh a tharraingt, a bhí in Iosrael agus cúig céad míle in Iúdá. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus thug Ióab don rígh suim uibhre na ndaóineadh: agus do bhí ann Israel ochd ccéad míle fear gaisgeamhuil do tharruing cloidheamh; agus do bhí muinntir Iúdah cúig chéud míle fear. |
Tar éis dóibh gabháil tríd an tír go léir d'fhilleadar ar Iarúsailéim faoi cheann naoi mí agus fiche lá.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Iúdá curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.