2 Samúéil 22:23 - An Bíobla Naofa 1981 Tá a bhreitheanna go léir os comhair mo shúl, ná níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír do bhádar a bhreitheamhnuís uile as mo choínne: agus a statúidigh, níor dhealuigh mé ríu. |
Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile, toisc gur fuath liom gach bréagshlí.
Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.
Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann.
“Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d'aithreacha.
“Bí ar d'aire agus ná déan dearmad ar an Tiarna do Dhia le faillí a dhéanamh ina aitheanta, a reachtanna agus a dhlíthe de réir mar a ordaím duit inniu.