Ansin tháinig deichniúr ógánach, lucht iompair airm Ióáb timpeall ar Aibseálóm, agus bhuail siad é agus mharaigh.
2 Samúéil 18:16 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin shéid Ióáb an stoc agus d'fhill na saighdiúirí ar ais ón tóir ar Iosrael mar gur choisc Ióáb iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do shéid Ióab an stoc, agus dfilleadar an pobal ó thóruidheachd Israel: óir do chonnuimh Ióab na daóine ar a nais úatha. |
Ansin tháinig deichniúr ógánach, lucht iompair airm Ióáb timpeall ar Aibseálóm, agus bhuail siad é agus mharaigh.
Ansin shéid Ióáb a stoc agus stad na saighdiúirí go léir gan dul sa tóir ar Iosrael a thuilleadh ná troid leo.
Chuaigh an bhean [ar ais isteach sa chathair agus labhair] le barr céille leis an bpobal go léir. Bhaineadar an ceann de Sheaba mac Bhicrí agus chaitheadar amach go Ióáb é. Shéid seisean an stoc ansin agus scaipeadar leo ón gcathair, gach duine chun a bhaile féin.
Nuair a chonaic saighdiúirí Iosrael go raibh Aibímeilic ar lár, d'imíodar leo, gach duine chun a thí féin.