Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Samúéil 17:22 - An Bíobla Naofa 1981

Chuir Dáiví agus a lucht leanúna go léir chun bóthair agus chuadar anonn thar Iordáin; faoi mhaidin ní raibh duine fágtha nach raibh imithe anonn thar Iordáin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus deírigh Dáibhí, agus a raibh do dhaóinibh na fhochair, agus do chuádar, anonn tar Iordan: suil tháinic solus na maidne níor théastuigh duine dhíobh gan dul a nonn tar Iordan.

Féach an chaibidil



2 Samúéil 17:22
8 Tagairtí Cros  

Tar éis dóibh imeacht, tháinig na fir amach as an tobar agus d'imíodar leo le rabhadh don rí Dáiví. “Imigh leat,” ar siad le Dáiví, “agus gabh anonn thar uisce gan mhoill, mar thug Aichítifeil a leithéid seo de chomhairle i do thaobh.”


Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.


Bhí Dáiví tagtha chomh fada le Machanáím, ach ar ghabh Aibseálóm thar Iordáin agus fir Iosrael in éineacht leis.


Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.


Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.


agus dúradar le Maois: “Chomhairigh do searbhóntaí na saighdiúirí faoina gceannas; níl fear ar iarraidh uainn.


“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.


chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé - “Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh.”