“Bíodh an mhallacht sin ormsa, a mhic,” arsa a mháthair leis, “ach éist le mo ghlór, imigh leat agus tabhair chugam iad siúd.”
2 Samúéil 14:9 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt an bhean ó Theacóá leis an rí: “A thiarna rí! Go raibh an chiontacht ormsa agus ar mo mhuintir! Go raibh an rí agus a ríchathaoir gan locht!” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt an bhean ó Thecoáh ris an rígh, A thighearna, a rígh, bíodh an peacadh ormsa, agus ar thigh mathar: agus bíodh an rígh agus a chathaóir ríogha gan choir. |
“Bíodh an mhallacht sin ormsa, a mhic,” arsa a mháthair leis, “ach éist le mo ghlór, imigh leat agus tabhair chugam iad siúd.”
Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách.
“Tabhair chugam an fear a rinne bagairt ort,” a dúirt an rí, “agus ní leagfaidh sé lámh go deo arís ort.”
“Téigh abhaile,” arsa an rí ansin leis an mbean, “agus tabharfaidh mé féin orduithe i dtaobh do cháis.”
Go bhfille a bhfuil sa mhullach ar Ióáb agus ar a shliocht go brách, ach go raibh síocháin ón Tiarna go brách ar Dháiví, ar a shliocht, ar a ríora, agus ar a ríchathaoir.”
Ná truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh. Truaillíonn fuil an talamh agus níl leorghníomh ann don talamh ar son na fola a dhoirtear ann ach fuil an té a dhoirt é.
D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”
Chaith sí í féin ag a chosa agus dúirt: “Cuir an milleán seo ormsa amháin, a thiarna. Tabhair cluas do do bhanóglach, le do thoil, agus éist le focail do bhanóglaigh.