Rug Íosác Ribeacá leis isteach ina bhoth, rinne a chuid féin di, agus thug grá di.
2 Samúéil 13:39 - An Bíobla Naofa 1981 Ní raibh olc ina chroí ag an rí in aghaidh Aibseálóm a thuilleadh nuair a tháinig sé chuige féin tar éis bhás Amnón. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí rofhonn air rígh Dháibhi dul amach go Habsolon: óir do meisnigheadh é a ttáobh Amnon, ó fuáir sé bás. |
Rug Íosác Ribeacá leis isteach ina bhoth, rinne a chuid féin di, agus thug grá di.
Fág gur imigh tú le barr síreachta i ndiaidh teach d'athar, cén fáth, ámh, ar ghoid tú mo dhéithe?”
Tháinig a chlann mhac agus a chlann iníonacha go léir chuige le sólás a thabhairt dó, ach ní ghlacfadh sé sólás ar bith, á rá: “Ní dhéanfaidh mé. Rachaidh mé síos ag sileadh na ndeor go Seól fara mo mhac.” Sin mar a chaoin a athair é.
Faoi chionn tamaill fhada, fuair Seúa bean Iúdá bás; agus nuair a bhí sólás a chaointe faighte ag Iúdá, chuaigh sé suas go Timneá go dtí lucht bearrtha na gcaorach agus a chara Híorá an tAdullámach lena chois.
Thug Ióáb mac Zarúá faoi deara go raibh croí an rí ag caitheamh i ndiaidh Aibseálóm arís.
Tabharfar do chlann mhac agus iníonacha ar láimh do dhaoine eile, agus gach lá beidh do shúile á snoí asat ag faire amach dóibh gan neart ar bith i do láimh leis an scéal a leigheas.
Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.