Ar theacht na bliana úire, an t‑am is gnách le ríthe dul ag cogaíocht, chuir Dáiví Ióáb amach agus a sheirbhísigh féin agus pobal Iosrael ar fad in éineacht leis. Rinne siad ár ar na hAmónaigh agus chuir siad Rábá faoi léigear. Ach d'fhan Dáiví in Iarúsailéim.
Dúirt Dáiví leis an teachtaire: “Abair é seo le Ióáb: ‘Ná cuireadh an gnó seo buairt ar do chroí, óir slogann an claíomh fear uair, agus fear eile uair eile. Tabhair ruathar níos treise faoin gcathair agus scrios í.’ Tabhair misneach mar sin dó.”
(Bá é Óg rí Bháiseán an duine deireanach d'fhuíoll na Rafáím; ba leaba iarainn a leaba, agus nach í atá le feiceáil i Raba na nAmónach? - í naoi mbanlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead, de réir bhanlámh fir.)