Agus do mharbhadar mic Shedeciah as coinne a shúl, agus do bheanadar a shúile as Sedeciah, agus do cheangladar é le boltaighibh práis, agus rugadar leó don Bhabilóin é.
Ansin d'imigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: “Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.” Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora.
Conas a d'fhéadfainnse dul ar ais ag triall ar m'athair agus gan an buachaill i mo theannta? Ní ligfeadh eagla dom a bheith ag faire ar an ainnise a thiocfadh sa mhullach ar m'athair.”
Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.
tá do cheannfoirt uile i ndiaidh a thabhairt do na boinn, ina bpríosúnaigh gan bogha a lúbadh. An chuid is cróga agaibh, tá siad ina bpríosúnaigh, tar éis gur theith siad i bhfad ar shiúl.
Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’
Is mar seo a deir an Tiarna “Scríobhaigí an fear seo faoin teideal: gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta, óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht suí i ríchathaoir Dháiví, ná rialú arís in Iúdá.”
Agus ní imeoidh tusa uaidh ach tógfar thú go deimhin agus cuirfear ina láimh thú. Feicfidh tú rí na Bablóine gnúis le gnúis agus labharfaidh tú leis béal ar bhéal. Rachaidh tú don Bhablóin.
Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.
Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”
Tá a geataí sáite sa talamh; mar réab sé agus bhris sé a mbarraí; tá a rí agus a flatha i measc na náisiún agus níl aon dlí ann níos mó; go fiú ní bhfaigheann a cuid fáithe aon fhís ar bith ón Tiarna.
Tá an rí ag gol, tá an prionsa in anacair chroí, tá lámha mhuintir na tíre ar crith le huafás. Roinnfidh mé leo mar atá tuillte acu agus gearrfaidh mé pionós orthu de réir a mbreithiúnais féin; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”
“Seolfaidh an Tiarna thú féin agus an rí a chuirfidh tú os do chionn go cine nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha; déanfaidh tú fónamh ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche.
Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t‑am ag casadh an mhuilinn sa phríosún.