Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
2 Ríthe 20:16 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Isaiah re Heseciah, Eist ré breithir an TIGHEARNA. |
Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
Dúirt sé: “Cad a chonaic siad i do phálas?” “Chonaic siad gach rud atá i mo theach,” arsa Hiziciá. “Níl aon ní i mo stórais nár thaispeáin mé dóibh.”
“Éist le briathar an Tiarna: ‘Féach, tiocfaidh na laethanta nuair a sciobfar chun siúil go dtí an Bhablóin gach rud atá i do phálás, gach rud a chruinnigh do shinsir go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní,’ arsa an Tiarna.
Dúirt Eilíseá: “Éistigí le briathar an Tiarna; mar seo a deir an Tiarna: ‘Um an dtaca seo amárach, beidh tomhas den phlúr is míne á dhíol ar sheicil, agus dhá thomhas eorna ar sheicil, ag geata na Samáire.’ ”
Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá!
Mar sin éist le briathar an Tiarna: Deir tusa: “Ná tairngir i n‑aghaidh Iosrael, ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.”
Nuair a bhí siúlta acu síos go himeall na cathrach, dúirt Samúéil le Sól: “Abair leis an searbhónta gabháil romhainn amach, ach fansa féin mar a bhfuil tú go fóill go n‑inseoidh mé briathar Dé duit.”