Mácá iníon Aibseálóm b'ainm dá mháthair. Rinne Ásá an ceart i láthair an Tiarna mar a rinne a athair Dáiví.
2 Ríthe 15:3 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna ar fad, faoi mar a rinne a athair, Amaiziá. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinne sé ceart a radharc an TIGHEARNA, do reir a nuile ní dá ndéarnuidh Amasiah a athair; |
Mácá iníon Aibseálóm b'ainm dá mháthair. Rinne Ásá an ceart i láthair an Tiarna mar a rinne a athair Dáiví.
Bhí sé sé bliana déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain déag is daichead ina rí in Iarúsailéim. Iacoiliá, ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair.
Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir mar a rinne a athair Uizíá roimhe.
Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid.
Bhí Uiziá sé bliana déag nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé dhá bhliain caogad i réim in Iarúsailéim. Iacoiliá ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair.
Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a athair Amaiziá.