Tháinig Bairzilí an Gileádach anuas ó Rogailím agus d'fhan sé in éineacht leis an rí á thionlacan thar an Iordáin.
2 Ríthe 15:20 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne Manachaem an t‑airgead sin a thobhach ar Iosrael, ar gach flaith, leathchéad seicil an duine, le tabhairt do rí na hAsaíre. D'imigh seisean ar ais ansin agus níor fhan sa tír. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thabhuidh Menahem an tairgiod ar Israel, eadhon air gach uile dhume chumasach a saídhbhrios, ar gach éanduine cáogad secel airgid, ré thabhairt do rígh na Hassíria. Marsin do fhill rígh na Hassíria ar ais, agus níor fhan annsin ansa dúithche. |
Tháinig Bairzilí an Gileádach anuas ó Rogailím agus d'fhan sé in éineacht leis an rí á thionlacan thar an Iordáin.
rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.
An chuid eile de stair Mhanachaem, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.
Dhíol Iahóiácaím an t‑airgead agus an t‑ór le Forann, ach níorbh fholáir dó ar dtús cáin a thobhach ar an tír d'fhonn an t‑airgead a sholáthar a d'éiligh Forann. Rinne sé an t‑airgead agus an t‑ór a thobhach ar mhuintir na tíre, ar gach duine de réir a mhaoine le díol le Forann Neaco.
Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.
Bhí fear gaoil ag Náoimí de thaobh a fir, fear an-saibhir de shliocht Eilímeilic agus Boaz ab ainm dó.