Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Ríthe 15:17 - An Bíobla Naofa 1981

Sa naoú bliain tríochad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Manachaem mac Gháidí i gcoróin ar Iosrael. Bhí sé deich mbliana i réim sa tSamáir.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Ann sa naonmhadh blíadhuin déug ar fhichthid do Asariah rígh Iúdah do thosuidh Menahem mac Gádi a ríghe ós cionn Israel, agus do ríoghadh deich mbliadhna a Samária.

Féach an chaibidil



2 Ríthe 15:17
6 Tagairtí Cros  

Sa seachtú bliain déag de réimeas Iarobám rí Iosrael thánig Azairiá mac Amaiziá i gcoróin ar Iúdá.


Ansin ghabh Manachaem mac Gháidí suas ó Thirzeá, chuaigh isteach sa tSamáir, mharaigh Sealúm mac Iáibéis inti, agus tháinig i gcoróin ina áit.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. [Lena linn]


Sa dara bliain de réimeas Pheacach mac Ramailiá rí Iosrael tháinig Iótám mac Uizíá i gcoróin ar Iúdá.


San ochtú bliain déag ar fhichid de réimeas Azairiá rí Iúdá thanig Zacairiá mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir ar feadh sé mhí.


Rinne siad ríthe gan bhail gan bhuíochas dom; cheap siad taoisigh gan mo chead ná mo chomhairle. Dhealbhaigh siad íola dóibh féin dá gcuid airgid agus óir, agus dá dheasca sin scriosfar iad.