Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna a dhéanann a réir go cumasach, agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.
2 Peadar 2:11 - An Bíobla Naofa 1981 ach na haingil, cé gur mó iad i neart agus i gcumhacht, ní thugann siad breith mhaslaitheach ina n‑aghaidh i láthair an Tiarna. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus a rá is de nach gnách leis na haingil féin, ar mhó go mór a gcéim agus a gcumhacht, breith aithiseach a thabhairt orthu i láthair Dé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) a fhad is na h‐aingle féin, gidh gur mó a neart agus a gcumas, nach dtugann siad breith masluightheach ’n‐a n‐aghaidh i bhfiadhnaise an Tighearna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An tan nach beirid na haingil féin, atá ós a gcionnsan a neart agus a gcúmhachduibh, breath mhasluigheach na naghuidh a bhfíadhnuise an Tíghearna. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ach na haingil, cé gur mó iad i neart agus i gcumhacht, ní thugann siad breith mhaslach ina n-aghaidh i láthair an Tiarna. |
Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna a dhéanann a réir go cumasach, agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.
bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.
agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.
Ach nuair a bhí Mícheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: “Go smachtaí an Tiarna thú.”