Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.
2 Peadar 1:18 - An Bíobla Naofa 1981 Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) chualamar an glór sin á iompar ó neamh, nuair a bhíomar ina chuideachta ar an sliabh naofa. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do chualamar féin an guth so ag teacht as na flaitheasaibh, agus sinn i n‐éinfheacht leis ar an sliabh beannuighthe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chúalamairne an gúth sa tháinic ó neamh, ar mbeith dhúinn na fhochairsean ar a tslíabh náomhtha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa. |
Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.
“Ná tar níos gaire,” arsa [an Tiarna], “bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.”
Díth ná dochar ní dhéantar níos mó ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir, óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiama mar a líonann an fharraige leis an lán mara.
déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Fillfidh mé ar Shíón agus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim. Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim, Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.”
Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d'uamhan.
D'fhreagair captaen arm an Tiarna Iósua: “Bain do chuaráin de do chosa, óir is naofa é an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh.” Agus rinne Iósua rud air.