Fiú an t‑aos óg, bíonn siad tuirseash traochta, agus baintear tuisliú as fir óga chomh maith.
2 Corantaigh 4:1 - An Bíobla Naofa 1981 Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sin, ós de bharr trócaire Dé a bhíos an dáil-fhreastal seo againn, ní chaillimid ár misneach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar an adhbhar sin, ó thárla an mhiniostrálacht so bheith againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní chailleann ar ár meisneach: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin ar mbeith don mhiniosdrálachdsa aguinn, do réir mar fúaramar trócaire, ní theighmid a nanbhfuinne; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche. |
Fiú an t‑aos óg, bíonn siad tuirseash traochta, agus baintear tuisliú as fir óga chomh maith.
Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.
Ó dúirt tú: ‘Is mairg domsa, óir chuir an Tiarna doilíos i gceann mo dhobróin! táim spíonta ó m'osnaíl, agus ní fhaighim faoiseamh ar bith!’
Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:
Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:
Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.
mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.
Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá.
Is é Dia a thug an t‑iomlán i gcrích, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a d'fhág an t‑athmhuintearas ina chúram orainne.
Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth.
Impím oraibh, dá bhrí sin, gan bheith domheanmnach mar gheall ar na trioblóidí atá ag cur ormsa ar bhur son, mar is údar glóire daoibh iad.
I dtaca libhse de, áfach, a bhráithre, ná héirígí cortha go deo den mhaith a dhéanamh.
cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.
Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.
Níor phobal sibh tráth, ach anois is pobal Dé sibh; níor bhain a thrócaire libh tráth, ach anois tá bainte aici libh.