Agus ó tharla go raibh fonn air dul go hAcháia thug na bráithre spreagadh dó agus scríobh siad chun na ndeisceabal thall á iarraidh orthu fáilte a chur roimhe. Agus ar theacht go Corant dó, trí ghrásta Dé ba mhór an chabhair do na creidmhigh é,
2 Corantaigh 3:1 - An Bíobla Naofa 1981 An ag tosú ar ár moladh féin arís atáimid? An gá dúinne, dála daoine áirithe éile, litreacha creidiúnais a thabhairt chugaibhse nó iad a fháil uaibh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An bhfuilimid ag tosú ar ár moladh féin athuair? Nó an é go bhfuil gnó againn, mar atá ag daoine nach n-ainmníonn, de litreacha molta chugaibh nó uaibh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) An ag tosnú arís ar ár moladh féin atáimíd? nó an bhfuil gabhadh againn le litreachaibh molta chugaibh nó uaibh, mar tá ag daoinibh áirithe? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An dtionnsgnamaóid a rís sinn féin do mholadh? nó an bhfuil riachdanus aguinn, mar atá ag druing áirighe, re litreacha molta chugaibhse, nó litreacha molta uáibh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An ag tosú ar ár moladh féin arís atáimid? An gá dúinne, dála daoine áirithe éile, litreacha creidiúnais a thabhairt chugaibhse nó iad a fháil uaibh? |
Agus ó tharla go raibh fonn air dul go hAcháia thug na bráithre spreagadh dó agus scríobh siad chun na ndeisceabal thall á iarraidh orthu fáilte a chur roimhe. Agus ar theacht go Corant dó, trí ghrásta Dé ba mhór an chabhair do na creidmhigh é,
Fágaim cúram ár siúrach Féibé oraibh. Feidhmeannach san eaglais i gCeinchré is ea í.
Ansin ar theacht dom, cibé daoine dá dtabharfaidh sibh litreacha creidiúnais dóibh, cuirfidh mé go Iarúsailéim iad le bhur ndeontas.
De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t‑ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach,
Bíodh na mílte treoraí agaibh i gCríost, níl mórán aithreacha agaibh mar gur mise a ghin sibh in Íosa Críost tríd an dea-scéal.
Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcoimheas le daoine áirithe a bhíonn á gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibhsean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin.
Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis - údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibhse a thógáil agus ní chun sibh a leagan - ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air.
Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibhse faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd.
An é atá á cheapadh agaibh ar feadh an ama gur ag seasamh ár gcirt libh a bhíomar? Ní hea sin! Is i bhfianaise Dé atáim ag labhairt agus i gCríost. Ní raibh d'aidhm againn tríd síos, a chlann ó, ach sibhse a thógáil.
Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.
Ní dár moladh féin libh arís atáimid ach ag iarraidh bun a thabhairt daoibh chun bheith bródúil asainn, d'fhonn is go mbeadh freagra agaibh orthu siúd a bhíonn bródúil as dreach an duine in áit bheith bródúil as a mheon.