Beidh mise ar an gcéad duine ansin lena admháil, Gur féidir do do lámh dheas féin an bua a bhreith duit.
2 Corantaigh 1:9 - An Bíobla Naofa 1981 Bhraitheamar gurbh í breith an bháis a bhí tugtha orainn, rud a mhúin dúinn gan bheith ag brath orainn féin ach ar an Dia a thógann na mairbh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ar ndóigh, bhíomar mar dhaoine a bheadh teilgthe chun báis; ach gur tharla sin ionas nach mbeadh ár muinín asainn féin, ach as Dia a bheos na mairbh; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) go deimhin do bhí breath báis ionnainn féin, chum nach mbéadh muinighin againn asainn féin, acht as Dia aithbheodhas na mairbh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do bhreathbuigheamar ionainn féin go rabhamar fá bhreith an bháis, ionnus nach asuinn féin do bhíadh muinighin aguinn, achd as Día dhúisigheas na mairbh: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhraitheamar gurbh í breith an bháis a bhí tugtha orainn, rud a mhúin dúinn gan bheith ag brath orainn féin ach ar an Dia a thógann na mairbh. |
Beidh mise ar an gcéad duine ansin lena admháil, Gur féidir do do lámh dheas féin an bua a bhreith duit.
Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.
An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é; ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt.
Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasa ní foláir dom imeacht liom go geataí Seól síos; is ann a choinneofar mé ar feadh a bhfanann agam de bhlianta.
Má deirim leis an bhfíréan go mairfidh sé cinnte, agus má dhéanann sé talamh slán dá fhíréantacht agus go bpeacaíonn, ní chuimhneofar ar aon phioc dá fhíréantacht, ach éagfaidh sé sa pheaca a rinne sé.
Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile:
Mar atá scríofa: “Ar do shonsa táimid dár mbású ar feadh an lae; táimid dár meas mar chaoirigh atá réidh lena gcoscairt.”
Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo
Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh dall ar an anró a rug orainn san Áise; bhíomar cloíte chomh mór sin thar ár gcumas go rabhamar i ndeireadh na feide.
Ní hé go dtig linn uainn féin aon ní a chur síos dár gcumas féin. Is ó Dhia ár gcumas
Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d'fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.
Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó na mairbh féin. Dá bharr sin, tugadh ar ais dó é - eachtra a raibh brí shamhailteach léi.