1 Tiomóid 5:12 - An Bíobla Naofa 1981 agus bíonn sé le casadh ansin leo go ndeachaigh siad siar ar a gcéad fhocal. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus is dubh ar a n-anamacha é a gcéad mhóid a shárú. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus atáid fá bhreitheamhnas, toisc a gcéad dílseacht do bhriseadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agá bhfuil damnughadh na gcionn, do bhrígh gur thréigeadar an céud chreideamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus bíonn sé le casadh ansin leo go ndeachaigh siad siar ar a gcéad fhocal. |
Má bhíonn ocras ar dhuine ar bith, itheadh sé a chuid sa bhaile sa tslí nach do bhur ndaoradh a thiocfaidh sibh le chéile. Socróidh mé na cúrsaí eile nuair a thiocfaidh mé.
Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile.
Coinnigh amach na baintreacha óga, mar nuair a chlaonann an teaspach ó Chríost iad, tagann fonn pósta orthu
San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí.
A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.
Óir tá an uain tagtha don bhreith tosú le teaghlach Dé; agus más linne a thosaíonn sí, cén chríoch a bheidh ar an muintir nach ngéilleann do shoisceal Dé?