Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.
1 Tiomóid 3:8 - An Bíobla Naofa 1981 Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Caithfidh na déagánaigh mar an gcéanna bheith staidéartha, gan bheith béadánach ná tugtha don fhíon, ná dúil a bheith acu san airgead; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar an gcuma chéadna ní foláir do na deochanaibh bheith stuamdha, gan teanga‐liom‐leat bheith aca, gan bheith tugtha do mhórán fíona, gan bheith sanntach i ndroch‐éadáil; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mar an gcéudma as cóir do na deaochánuibh bheith trómdha, gan a dteanguidh liom-leachd, gan bheitho fhonnmhar a bhfíon, ná dúil do bheith aca a néudáil neamhghloin; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh a bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan a bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu |
Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.
Treoraigh mé a Thiarna, i d'fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham.
nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”
“Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.
Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh; caint chealgach a bhíonn ar a dteanga agus nimh nathracha faoina mbeola,
Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.
Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin.
Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte;
gan bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead.
Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile agus leis na taomanna tinnis a thagann ort chomh minic sin.
Mar, ós maor do Dhia an t‑uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,
Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc
Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom.
Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,