Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.
1 Tiomóid 3:12 - An Bíobla Naofa 1981 Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ná bíodh ag na déagánaigh ach aon bhanchéile amháin, agus bíodh eagar maith acu ar a gclann agus ar a dteaghlaigh; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Bíodh na deochain pósta le mnaoi amháin, ag riaghlú a gclainne agus a dteaghlaigh féin go maith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Bíodh na deocháin na bhfearuibh áon mhná, ag ríaghlughadh a gcloinne agus a dtightheadh féin go cúbhaidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin. |
Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.
Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte;
Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu