1 Samúéil 4:7 - An Bíobla Naofa 1981 bhuail eagla na Filistínigh agus dúirt siad: “Tá dia tagtha isteach sa champa. Is mairg dúinn!” ar siad. “Níor tharla a leithéid cheana. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí eagla ar na Phílistinigh, óir a dubhradar, Tháinic Día don champa. Agus a dubhradar, A mhairg dhúinne! óir ni ráibh a leitheidsin róimheso. |
Chuir sé rothaí na gcarbad i ngreim i dtreo gur dheacair dóibh dul chun cinn. Liúigh na hÉigiptigh: “Teithimís ó láthair na nIosraelach mar go bhfuil an Tiarna ag troid ar a son in aghaidh na nÉigipteach.”
Conas a d'fhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíle agus beirt ar dheich míle, murar dhíol a gCarraig iad agus gur thug an Tiarna ar láimh iad?
Nuair a chuala na Filistínigh an gháir agus an gheoin, dúradar: “Cad is cúis leis an ngáir mhór seo i gcampa na nEabhrach?” Nuair a fuair siad amach gurbh amhlaidh a bhí áirc an Tiarna tagtha go dtí an campa,
Is mairg dúinn! Cé a shaorfaidh sinn ó láimh an dé chumhachtaigh seo? Eisean an dia a bhuail na hÉigiptigh le gach sórt plá san fhásach!