Ach dá ndéanfainn feall, agus m'anam a chur i mbaol - níl aon ní i bhfolach ar an rí - ní ardófá méar ar mhaithe liom.”
1 Samúéil 28:9 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair an bhean é: “Tá a fhios agat, ar ndóigh, cad a rinne Sól, conas mar atá na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha as an tír aige. Cad a ba áil leat, más ea, ag cur gaiste i bhfearas do m'anam leis an mbás a thabhairt orm?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt an bhean ris, Féuch, is aithne dhuit cred do rinne Saul, mar do scrios sé an luchd agá rabhadar leannáin síthe, agus na draoithe, amach as an gcrích: uimesin cred fá bhfuil tusa ag cur lín ar manumsa, agus do chur dfíachaibh orum bás do thuilliomh? |
Ach dá ndéanfainn feall, agus m'anam a chur i mbaol - níl aon ní i bhfolach ar an rí - ní ardófá méar ar mhaithe liom.”
Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”
Ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí, mar go dtruailleoidís sibh. Mise an Tiarna bhur nDia.
Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.”
Bhí Samúéil tar éis bháis, agus chaoin Iosrael go léir é agus d'adhlacadar é i Rámá, a chathair féin. Bhí na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha ag Sól as an tír.