Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta; déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh,
1 Samúéil 26:23 - An Bíobla Naofa 1981 Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Go ccúitighidh an TIGHEARNA re gach éanduine a fhíréantachd agus a ionurniceas: óir thug an TIGHEARNA thusa am láimhsi a niugh, ach níor bháill líom mo lámh do shíneadh amach a naghaidh ungthaidh an TIGHEARNA. |
Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta; déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh,
Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta, de réir m'ionracais ina láthair.
“Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan, agus go nglaonn an chomharsa mallacht [sa mhullach air], agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,
Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá mbarr seo; ná scrios chun siúil an beart dúthrachta a rinne mé do Theampall mo Dhé agus dá liotúirge.
Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha, Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.
Aon uair amháin a labhair Dia, dhá ní a chuala mé; gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,
Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: ‘Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.’
Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t‑íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d'aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú.
“Is ionraice thusa ná mise,” ar sé le Dáiví, “óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc.
Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé.
Nár lige an Tiarna go sínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna! Ach tóg leat an tsleá anois atá ag a cheann, agus an crúsca uisce, agus imímís linn.”
Agus d'fhreagair Dáiví: “Seo sleá an rí anseo. Tagadh duine de na saighdiúirí anall agus beireadh sé leis í.
Ach d'fhreagair Dáiví Aibísí: “Ná maraigh é! Óir cé d'fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint?