agus thugadar ceann Ís Bál go Dáiví i Heabrón. “Seo duit,” ar siad leis an rí, “ceann Ís Bál, mac Shóil, do namhaid, an té a bhí ar thóir d'anama. Rinne an Tiarna mo thiarna, an rí, a agairt ar Shól agus ar a shliocht inniu.”
1 Samúéil 24:4 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhradar muinntir Dháibhi ris, Féuch an lá a dubhairt an TIGHEARNA riot, Féuch, do bhéara mé do námhaid ad láimh, iondus go bhféadfa tú a dhéanamh ris mar as áill leachd féin. Ann sin déirigh Dáibhi, agus do ghearr sé sciorta róba Shauil gan fhios dó. |
agus thugadar ceann Ís Bál go Dáiví i Heabrón. “Seo duit,” ar siad leis an rí, “ceann Ís Bál, mac Shóil, do namhaid, an té a bhí ar thóir d'anama. Rinne an Tiarna mo thiarna, an rí, a agairt ar Shól agus ar a shliocht inniu.”
Nár dhúirt lucht mo bhotha: “An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól.
Murar fhan sé in eadarnaí air, ach gur sheol Dia ina lámha é, ansin ainmneoidh mé duit áit a bheidh ina thearmann dó.
D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuaigh i bhfolach in uaimh Adulám. Chuala a dheartháireacha agus muintir a athar go léir é sin agus chuadar síos ansiúd chuige.
“Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé leis, “mar ní bhfaighidh Sól m'athair greim ort; tusa a bheidh i do rí ar Iosrael, agus mise a bheidh taobh leat; is eol do Shól m'athair é sin freisin.”
Nuair a insíodh do Shól go raibh Dáiví imithe go Ceíleá, dúirt Sól: “Tá sé tugtha i mo láimh ag Dia dom, óir chuir sé é féin i dteannta nuair a chuaigh sé isteach i gcathair ar a bhfuil geataí agus boltaí.”
Dúirt Dáiví le Sól ansin: “Cén fáth a dtugann tú aird ar dhaoine a deir: ‘Tá sé ar aigne ag Dáiví dochar a dhéanamh duit’?
“Is ionraice thusa ná mise,” ar sé le Dáiví, “óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc.
Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna.