Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: “An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m'ionailt duit i d'ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.”
1 Samúéil 24:16 - An Bíobla Naofa 1981 Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus tárla, a núair do chríochnuigh Dáibhi labhairt na mbriatharsa re Saul, go ndubhairt Saul, A né so do ghúthsa, a mhic a Dháibhi? Agus do thóg Saul a ghuth ós áird, agus do ghuil sé. |
Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: “An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m'ionailt duit i d'ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.”
Ar an seachtú lá chríochnaigh Dia an obair a rinne sé. Scoir sé ar an seachtú lá den obair go léir a rinne sé.
Ach rith Éasau ina choinne, theann lena ucht é, chaith é féin ar a mhuineál, phóg é agus na deora leis.
Chuaigh Dáiví ina gcoinne agus dúirt sé leo: “Má tháinig sibh chugam mar chairde le cabhrú liom, táim lánullamh ó chroí aontú libh; ach más d'fhonn mé a bhrath le mo naimhde, cé nach bhfúil aon urchóid ar mo lámha, ansin go gcoimeáda Dia ár sinsear súil oraibh agus go dtuga daorbhreith oraibh.”
óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.
ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé.
Maidir liomsa, ní dhearna mé aon choir i bhur n‑aghaidh, ach tá sibhse ag déanamh éagóra orm trí bheith ag cur cogaidh orm. Tugadh an Tiarna, an breitheamh, breith inniu idir clann Iosrael agus na hAmónaigh.”
D'aithin Sól guth Dháiví, agus dúirt: “An é sin do ghuth, a Dháiví, a mhic?” “Is é; is é mo ghuth é, a rí, a thiarna liom,” arsa Dáiví.
Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.”