Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.
1 Samúéil 23:7 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a insíodh do Shól go raibh Dáiví imithe go Ceíleá, dúirt Sól: “Tá sé tugtha i mo láimh ag Dia dom, óir chuir sé é féin i dteannta nuair a chuaigh sé isteach i gcathair ar a bhfuil geataí agus boltaí.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do hinnseadh do Shaul go ttáinic Dáibhi go Ceilah. Agus a dubhairt Saul, Thug Día am láimhsi é; óir atá sé fa iadhadh a stigh, ar tteachd a mbaile ar a bhfuilid geatuidhe agus barruidhe. |
Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.
Folaíonn tú iad i do láthairse ó chúlghearradh daoine. Coimeádann tú slán i do bhoth iad ó chlampar teangacha.
Óir déarfaidh Forann leis féin: ‘Féach mar atá clann úd Iosrael ar seachran san fhásach; d'iaigh an fásach orthu.’
‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’
D'fhan Dáiví san fhásach, sna daingin, ar na sléibhte i bhfásach Zíf. Níor chuaigh aon stad ar Shól ó lá go lá, ach á chuardach, ach níor thug Dia ar láimh dó é.
Nuair a theith Aibíátár mac Aichímeilic go dtí Dáiví, tháinig sé síos go Ceíleá agus éafód ina ghlac.
Ghairm Sól a phobal go léir chun cogaidh le dul síos go Ceíleá le léigear a chur ar Dháiví agus ar a lucht leanúna.