ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.
1 Samúéil 23:1 - An Bíobla Naofa 1981 Thainig scéala go Dáiví: “Tá na Filistínigh ag troid in aghaidh Cheíleá, agus tá siad ag creachadh na n‑urlár buailte.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An sin dinnisiodar do Dháibhi, ga rádh, Féuch, atáid na Philistinigh ag troid a naghaídh Cheilah, agus atáid ag slad na nurlár mbuailte. |
ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.
Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.
Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh d'ithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor.
Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.
Tháinig aingeal an Tiarna agus shuigh sé faoin gcrann darach in Ofrá a bhain le Ióáis, an tAibíezreach. Bhí a mhacsan Gideón ag bualadh cruithneachta sa chantaoir fhíona d'fhonn í a cheilt ar Mhidián,
shuídís a longfort ina gcríocha, agus scriosaídís toradh na talún ar fud na tíre go himill Ghazá, gan beatha ar bith a fhágáil ag Iosrael, caora, ná damh, ná asal.