Nuair a d'éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá:
1 Samúéil 22:4 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhág sé ag rí Mhóáb iad agus d'fhanadar aige i rith an ama a bhí Dáiví sa daingean. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus thug sé a lathair rígh Mhóab íad: agus do chomhnuigheadar na fhochair an feadh do bhí Daibhi san núamhaigh. |
Nuair a d'éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá:
Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.
Sin iad an dream a ghabh thar an Iordáin sa chéad mhí agus í ag cur thar a bruacha go léir, agus a chuir an teitheadh ar gach duine a raibh cónaí orthu ar a bruacha thoir agus thiar.
Stair Dháiví rí, ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa in Annála Shamúéil an físí, in Annála Nátán an fáidh, agus in Annála Ghád an físí,
Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t‑ordú dáiríre trí bhéal a fháithe.
Ach d'fhreagair mé: “An dteithfeadh mo leithéidse? An rachadh fear de mo sheasamhsa isteach sa sanctoir lena anam a shabháil? Ní rachaidh mé!”
Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”
Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.
Chuaigh Dáiví ón áit sin go Mizpeá i Móáb agus dúirt sé le rí Mhóáb: “Lig do m'athair agus do mo mháthair fanacht in éineacht libh nó go mbeidh a fhios agam cad tá i ndán dom ag Dia.”
Ansin dúirt an fáidh Gád le Dáiví: “Ná fan sa daingean; imigh leat agus gabh isteach i dtír Iúdá.” D'imigh Dáiví leis dá bhrí sin agus chuaigh isteach i bhforaois Heirit.