ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar: “Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn, agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.”
1 Samúéil 21:3 - An Bíobla Naofa 1981 Idir an dá linn, céard atá ar láimh anseo agaibh? Tabhair dom cúig bhuilín nó cibé rud atá ar fáil.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois ar a nadhbhar sin cred sin atá agad? tabhair dhamsa cúig haráin am láimh, nó gidh bé ní atá a lathair. |
ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar: “Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn, agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.”
Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: ‘Méadaigh d'arm agus tar amach.’ ”
D'fhreagair Dáiví Aichímeilic sagart: “Thug an rí ordú dom agus dúirt liom: ‘Ná bíodh aon eolas ag aon duine faoin ngnó ar a bhfuilim do do chur, ná faoin ordú atáim a thabhairt duit.’ Maidir le mo shaighdiúirí, tá coinne déanta agam leo ina leithéid seo d'áit.
D'fhreagair an sagart Dáiví: “Níl aon arán coiteann ar láimh agam; níl ann ach arán naofa - ar choinníoll gur staon do chuid fear ó mhná.”