Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
1 Samúéil 2:34 - An Bíobla Naofa 1981 Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus bíáidh so na chomhartha agad, noch thiucfas ar do dhías mac, ar Hóphni agus ar Phinehas; éagfuid aráon a néanló. |
Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
“Éirigh dá bhrí sin agus imigh abhaile. A luaithe a leagfaidh tú cos leat sa chathair gheobhaidh an leanbh bás.
Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”
Nuair a chuirfear na comharthaí sin i gcrích duit, beir ar an bhfaill mar tá Dia leat.
An duine agaibh nach scriosfaidh mé ó m'altóir, fanfaidh sé lena shúile a dhalladh agus lena mhisneach a chreimeadh; ach scriosfar an bhreis ar do theaghlach le claíomh [na bhfear].
Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.
D'fhreagair an teachtaire: “Chuir na Filistínigh an teitheadh ar Iosrael. Briseadh go tubaisteach ar an arm; mar bharr ar an donas, tá Hofnaí agus Píneachás, do bheirt mhac, marbh agus tá áirc Dé gafa.”
Thug sí Í Cávód ar an leanbh á rá: “Tá an ghlóir (cávód) imithe ó Iosrael,” ag cuimhneamh di ar ghabháil áirc Dé, ar athair a céile, agus ar a fear.