1 Samúéil 18:9 - An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí Sól ag faire go géar ar Dháiví ón lá sin amach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí súil Shauil ar Dháibhi ón lásin amach. |
Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?
Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.
agus ná maireadh an racht thar luí na gréine le heagla go dtabharfadh sibh áiméar don diabhal.
Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.
Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól
Tháinig cuthach ar Shól agus ghoill an chaint sin air. Agus dúirt sé: “Chuir siad na deicheanna de mhílte i leith Dháiví agus níor chuir siad i mo leithse ach na mílte. Níl de dhíth air anois ach an ríocht.”
Dúirt Sól lena mhac Iónátán agus lena shearbhóntaí go léir nárbh fholáir Dáiví a mharú. Ach bhí an-chion ag Iónátán mac Shóil ar Dháiví