Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Samúéil 17:2 - An Bíobla Naofa 1981

Chruinnigh Sól agus fir Iosrael chomh maith agus shuíodar a gcampa i nGleann Éileá agus chóiríodar iad féin in eagar catha in aghaidh na bhFilistíneach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do chruinnigh Saul agus muinntir Israel a bhfochair a chéile, agus do champuigheadar láimh re gleann Elah, agus do chuireadar an cath a nórdughadh a naghaidh na Bhphilistineach.

Féach an chaibidil



1 Samúéil 17:2
4 Tagairtí Cros  

Tá siad le Sól agus leis na hIosraelaigh go léir i nGleann Éileá, ag troid in aghaidh na bhFilistíneach.”


Sheas na Filistínigh ar shliabh ar thaobh agus na hIosraelaigh ar shliabh ar an taobh eile agus gleann eatarthu.


D'imigh Dáiví leis an lá sin, agus theith ó Shól, agus tháinig go hÁicís rí Ghat.


“Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,” arsa an sagart, “féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.” “Níl a leithéid eile ann,” arsa Dáiví. “Tabhair dom é.”