Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú.
1 Samúéil 1:23 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Ealcáná a fear ansin léi: “Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.” D'fhan an bhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Elcanah a fear ría, Déana mar do chítear dhuit féin; fan no go mbeantar do chígh é; amháin go ndaingnidh an TIGHEARNA a fhocal. Marsin do fhan an bhean, agus tug cíoch dá mac nó gur oil sí é. |
Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú.
Nuair a d'éirigh mé (ar maidin) chun an chíoch a thabhairt do mo leanbh, b'shin é ansiúd marbh é. Ach d'fhéach mé air go cáiréiseach ar maidin, agus níorbh é an mac a rugadh dom ar aon chor é.”
“Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é: saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”
a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!” agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!” agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.
Ach má chuireann a fear ar ceal iad an lá a chluineann sé iad, ní bheidh brí ag focal a béil, móid ná geall. Ó chuir a fear ar ceal iad, maithfidh an Tiarna di iad.
Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin!
Agus le linn do bheith ag rá an méid sin, labhair bean go hard as lár an tslua agus dúirt sí leis: “Is méanar don bhroinn a rinne thú a iompar agus do na cíocha a dheoil tú!”
D'fhreagair Éilí ansin: “Imigh faoi shíocháin, agus go dtuga Dia Iosrael duit ar iarr tú air.”
Dúirt Sól ansin: “Téimis síos i gcoim na hoíche agus déanaimis tóir agus creach ar na Filistínigh go breacadh an lae; ná fágaimis fear inste scéil.” “Déan mar is áil leat,” ar siad. Ach dúirt an sagart: “Téimis faoi dhéin Dé anseo.”
Dúirt sé ansin le hIosrael go léir: “Seasaigí sibhse ar thaobh amháin, agus seasóidh mise agus mo mhac Iónátán ar an taobh eile.” Dúirt an pobal le Sól: “Déan mar is áil leat.”