Agus cabhlach Híorám a thug ór ó Óifír, thug sé chomh maith lastaí mora d'adhmad almug agus de liaga lómhara.
1 Ríthe 9:27 - An Bíobla Naofa 1981 Don chabhlach seo chuir Híorám fir dá chuid a bhí eolgaiseach ar chúrsaí mara chun seirbhís a dhéanamh le fir Sholaimh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir Híram a sherbhisigh annsa loingeas, loingseóirigh agá raibh eólus na fairge, a bhfochair sherbhíseach Sholuimh. |
Agus cabhlach Híorám a thug ór ó Óifír, thug sé chomh maith lastaí mora d'adhmad almug agus de liaga lómhara.
rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir.
Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh agus croí chomh fairsing le gaineamh na trá.
Thóg Solamh rí cabhlach ag Eizión Geibir i gcóngar Éalat ar bhruach na Mara Rua i dtír Eadóm.
Ba de mhuintir Shíodóine agus Arvad do rámhaithe; bhí do shaoithe ar bord, a Thuír, mar lucht stiúrtha.