Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Ríthe 6:35 - An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé ceiribíní, crainn phailme, agus cnotaí a ghreanadh orthu agus chuir sé cumhdach óir orthu, ag leathadh an óir go cothrom ar an saothar greanta.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do ghearr sé orra sin cherubinigh agus crainn phailme agus blátha oscuilte: agus dfoluigh sé íad lé hór cumtha leis a nobair ghéarrtha.

Féach an chaibidil



1 Ríthe 6:35
11 Tagairtí Cros  

Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad.


agus an dá chomhla d'adhmad cufróige; bhí dhá easna ag ceangal comhla díobh, agus dhá easna ag ceangal na comhla eile.


Thóg sé balla na cúirte istigh le trí chúrsa de chloch ghearrtha, agus cúrsa de bhíomaí céadair.


Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n‑aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n‑aghaidh siar, trí cinn agus a n‑aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n‑aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthu sin, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile.


Ar bharr an tseastáin bhí taca, déanamh cruinn air, agus é leathbhanlámh ar airde; ar bharr an tseastáin bhí a theanntaí agus a thrasnáin d'aon phíosa leis.


na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn, agus an teanchair, d'ór fíre;


na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, na túisteáin, d'ór fíre; doras an Teampaill, na doirse inmheánacha don áit shárnaofa, agus doirse halla an Teampaill, d'ór fíre.


tuairgníonn siad le tuanna adhmad snoite na ndoirse agus déanann siad sceanairt díobh le casúir is le ceapoird.


Ar gach taobh den gheata bhí fuinneoga spréite, sna taobhsheomraí agus sna spásanna eatarthu, agus mar an gcéanna bhí fuinneoga thart timpeall an phóirse agus crainn phailme ar na hursaineacha.


Bhí a fhuinneoga, a phóirse agus a chrainn phailme ar aon mhiosúr leo siúd ag an ngeata thoir. Bhí seacht gcéim ag dul suas chuige agus bhí a phóirse ar an taobh istigh.


bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite, ceiribín agus crann pailme gach re ceann. Bhí dhá aghaidh ar gach ceiribín,