Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?”
1 Ríthe 22:17 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin labhair Míocáia: “Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte, mar chaoirigh gan aoire. Agus dúirt an Tiarna: ‘Níl máistir orthu seo; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision, Do chonnairc mé Israel uile spreidhte ar na cnocaibh, mar cháorchuibh ag nach bíadh áodhuire: agus a dubhairt an TIGHEARNA, Ní bhfuil maighistir orra so: filledís gach aon aca dha thigh a síothcháin. |
Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?”
Ansin, mar a bheadh fia á sheilg, mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh, tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin, agus teithfidh chun a dhúiche féin.
Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra;
Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. “Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.
Ba chaoirigh ag fánaíocht mo phobalsa; chuir a dtréadaithe ar seachrán iad, d'fhág ar fán iad ar na sléibhte; d'imigh siad ó shliabh go cnoc ag ligean a mbáinseach féin i ndearmad.
D'amharc mé uaim. Bhí stoirm ghaoithe ag séideadh aduaidh, néal mór agus solas uime, tine ag spréacharnach gan stad, agus i lár na tine mar a bheadh prás ag drithliú.
Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí, (a rí na hAsaíre)! Cad é mar atá do laochra i dtoirchim suain! Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.
Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh, agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa; bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoise agus ag tabhairt sóláis bhréige. Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorach agus iad á gcrá cheal aoire.
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
agus chan sé a laoi, agus dúirt: “Céalmhaine Bhalám mac Bheór, céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
céalmhaine an té a chluineann briathar Dé. Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil; faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.”
Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire.
Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.
(Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)