Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire.
1 Ríthe 21:6 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé: “Bhí mé ag caint le Nábót ó Izréil. Arsa mise leis: ‘Tabhair dom d'fhíonghort ar airgead, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé fíonghort eile duit mar mhalairt air.’ Ach dúirt seisean: ‘Ní thabharfaidh mé m'fhíonghort duit.’ ” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ría, Do chionn gur labhair mé ré Nábot an Tiesreelíteach, agus go ndubhairt mé ris, Tabhair thfíneamhuin damh ar airgiod; nó má sí do thoil, do bhéara mé fíneamhuin oile dhuit uirre: agus do fhreagair seision, Ní thiubhra misi mfíneamhuin duit. |
Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire.
Tháinig Ízeibil a bhean chéile chuige. “Cén fáth a bhfuil oiread drochmhisnigh ort agus nach n‑íosfá?” ar sise.
Ansin dúirt Ízeibil a bhean: “Is breá an rí ar Iosrael thusa, gan amhras! Éirigh agus ith leat; bíodh misneach ort; gheobhaidh mise féin fíonghort Nábót ó Izréil duit.”