Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.
1 Ríthe 21:14 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin chuireadar teachtaireacht chuig Ízeibil: “Maraíodh Nábót le clocha!” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do chuireadar teachda go Iesebel, gha rádh, Do clochadh Nábot, agus déug sé. |
Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.
Nuair a chuala Ízeibil gur maraíodh Nábót le clocha, dúirt sí le hAcháb: “Éirigh! Glac seilbh ar an bhfíonghort nach dtabharfadh Nábót ó Izréil duit ar airgead mar ní beo do Nábót feasta ach marbh!”
Tháinig an teachtaire le scéala go Iéahú: “Thugadar leo,” ar sé, “cinn chlann mhac an rí.” “Fág ina dhá gcarn iad,” ar seisean, “ag an mbealach chun an gheata go maidin.”
Seo baois a tharlaíonn ar talamh: tá daoine ionraice ann a gcaitear leo faoi mar ba dhrochdhaoine iad agus tá drochdhaoine ann a gcaitear leo faoi mar ba dhaoine ionraice iad. Deirimse gur baois is ea é seo go deimhin.