Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine d'fháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce.
1 Ríthe 18:14 - An Bíobla Naofa 1981 Agus anois deir tú liom: ‘Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!’ Maróidh sé mé!” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a nois a deir tú, Imthigh, agus innis dot thighearna, Feúch atá Elias annso: agus muirfidh sé mé. |
Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine d'fháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce.
D'fhreagair Éilias: “Dar Tiarna beo na Slua, dá ndéanaim seirbhís, seasóidh mé ina fhianaise inniu.”
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
D'fhreagair Samúéil: “Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!” Agus dúirt an Tiarna: “Tabhair bearach leat, agus abair: ‘Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.’