Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
1 Ríthe 17:17 - An Bíobla Naofa 1981 Tamall ina dhiaidh sin bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus tárla tar éis na neitheanso, gur ghlac teinnios mac mhná an tighe; agus do bhí a theinnios comhborb agus sin, nach ar fágbhadh anál ann. |
Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin, Agus a anáil a bhailiú chuige féin,
Má fholaíonn tú d'aghaidh bíonn siad buartha, má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad, agus casann siad ar an luaithreach as úire.
“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.
Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.
Tá an corp marbh gan an t‑anam agus ar an gcuma chéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha.
d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.
A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail thine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh.