Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc, cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.
1 Peadar 2:13 - An Bíobla Naofa 1981 Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Géilligí ar son an Tiarna do gach uile bhun-nós daonna, más dʼardcheannas an impire é, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Géillidh do gach ughdarás daonna ar son an Tighearna: má’s é an rí, mar árd‐riaghlóir é, nó má’s iad na goibhearnóirí iad, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin bíghidh úmhal dá gach uile ordaighthe dhaóna, ar son an Tíghearna: ní hé amháin don rí, mar an tí agá bhfuil áirdcheannas; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bígí géilliúil do gach forás daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta, |
Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc, cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.
Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí, agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.
Déanaigí leas na [tíre] inar chuir mise sibh ar deoraíocht; guígí chun an Tiarna ar a son, óir is ar a leas siúd atá seasamh bhur leasa-sa ag brath,”
“Céasar,” ar siad leis. “Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”
Dúirt Íosa leo: “Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia.” Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh.
Dúirt sé leo: “Íocaigí le Céasar, mar sin, na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”
Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh;
Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.
go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire;