Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.
1 Peadar 1:25 - An Bíobla Naofa 1981 Ach maireann briathar an Tiarna go deo.” Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach fanann briathar an Tiama buan go brách.” Is é an briathar úd an soiscéal a chuala sibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht fanann briathar an Tighearna go síorraidhe. Agus is é briathar an tsoiscéil do craobhscaoileadh dhaoibh é seo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd fanuigh bríathar an Tíghearna go síorruidhe. Agus á sí so an bhríathar do soisgéulughadh dhíbhse. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach maireann briathar an Tiarna go deo.” Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh. |
Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.
Deir glór: “Glaoigh!” agus deirimse ar ais: “Cad a ghlaofaidh mé?” - “Tá an uile fheoil mar an féar agus a scéimh ar fad mar bhláth an mhachaire.
Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích.
Ach is fusa neamh agus talamh a imeacht ná aon ghiota amháin den dlí a dhul ar lár.
Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba Dhia an Briathar.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.
Shocraigh mé i m'aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh.
Tháinig sé ag fógairt dea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar;
Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe
agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn san fhorógra a cuireadh ina chúram ormsa ar ordú Dé, ár slánaitheoir.
Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.
Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí.
Dála naíonán nuabheirthe, bíodh cíocras oraibh chun an fhíorbhainne spioradálta ionas go bhfásfaidh sibh dá thairbhe chun an tslánaithe,
Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n‑éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.
An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha -
Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.
Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.