“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn.
1 Peadar 1:23 - An Bíobla Naofa 1981 Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Athghineadh sibh, ní ó shíol sothruaillithe ach ó shíol dothruaillithe, is é sin trí bhriathar buan bithbheo Dé; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) óir do h‐aith‐gheineadh sibh, ní ó shíol so‐thruaillighthe, acht ó shíol neamhthruaillighthe, le briathar bith‐bheo, buan Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar mbeith dhibh ar bhur naithghinéamhuin, ó shíol nach truáillighe, achd neamhthruáillighe, tré bhreithir Dé, mhaireas agus chómhnuigheas go síorruidhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí. |
“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn.
Féach! Táim chun bhur sliocht a dhísciú; caithfidh mé cac san aghaidh oraibh - cac bhur bhféilte sollúnta féin - agus tógfar sibhse chun siúil mar aon leis.
an mhuintir nach as folanna a rugadh iad ná as toil feola, ná as toil fir ach ó Dhia.
D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
D'fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.
mhalartaigh siad glóir an Dé neamhbhásmhair ar íomhánna a raibh cló an duine bhásmhair orthu nó cló éanlaithe nó ainmhithe nó péisteanna.
Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé.
Ach maireann briathar an Tiarna go deo.” Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh.
Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D'athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne
Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh.
Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.