Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Peadar 1:14 - An Bíobla Naofa 1981

Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ós clann sibh a bhfuil comhairle oraibh, ná leanaigí do na hainmhianta a bhíodh oraibh in am bhur n-ainbheasa,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

mar dhéanfadh clann umhal, gan géilleadh do na sean‐ainmhiantaibh do chleachtabhar ’n‐bhur n‐ainbhfios;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Mar chloinn na húmhlachda, gan bheith dhíbh dá bhur nathchuma féin ris na hainmíanuibh do ghnáthuigh sibh roimhe ann bhur nainbhfios:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana,

Féach an chaibidil



1 Peadar 1:14
12 Tagairtí Cros  

Scaoil Dia thairis tréimhsí an aineolais, ach tá sé anois ag fógairt ar an uile dhuine san uile áit aithrí a dhéanamh.


Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.


Go deimhin comhadhlacadh sinn sa bhás leis tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlóimisne freisin i mbeatha úrnua, faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí ghlóir an Athar.


nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.


Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.


Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.”


agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu;


de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d'Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.